Dúirt a shearbhóntaí leis: “Faightear ógbhean éigin do mo thiarna an rí agus déanadh sí freastal ar an rí agus tugadh sí aire dó agus luíodh sí ar d'ucht agus coimeádfaidh sin mo thiarna an rí te.”
Chuir sí chun bóthair agus tháinig go dtí an giolla Dé ar Shliabh Chairmeil. Nuair a chonaic seisean uaidh í dúirt sé le Géichizí, a shearbhónta: “Féach, seo chugainn ár Siúnaemach!
Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin.