An le cead mo thiarna, an rí, a rinneadh é sin? An amhlaidh nár inis tú don mhuintir atá dílis duit cé tá le suí i gcathaoir mo thiarna an rí i gcomharbacht air?”
Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: “Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.”
Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m'Athair, chuir mé in iúl daoibh é.