Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 1:19

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, don sagart Aibíátár, agus do Ióáb an ceann feadhna; ach d'fhág sé Solamh do shearbhónta gan chuireadh.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Agus féach seo é Adoiníá anois ina rí cé gur gan fhios duitse é, a thiarna rí.

Is ortsa anois atá a súile ag gach duine in Iosrael chun go n‑ainmneofá comharba ar mo thiarna an rí.

Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’

Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí