Chrom Dáiví ar shólás a thabhairt dá bhean Baitseaba, agus chuaigh isteach chuici agus luigh léi. Ghabh sí gin, agus rug sí mac ar ar thug sí Solamh. Bhí grá ag an Tiarna dó,
Rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, don sagart Aibíátár, agus do Ióáb an ceann feadhna; ach d'fhág sé Solamh do shearbhónta gan chuireadh.
Chuaigh Adoiníá mac Haigít go Baitseaba máthair Sholaimh [agus chrom le hómós di]. “An turas síochánta é seo agat?” a d'fhiafraigh sí. D'fhreagair sé: “Sea, turas síochánta.”