Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin d'éist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael.
Dúirt a shearbhóntaí leis: “Faightear ógbhean éigin do mo thiarna an rí agus déanadh sí freastal ar an rí agus tugadh sí aire dó agus luíodh sí ar d'ucht agus coimeádfaidh sin mo thiarna an rí te.”
Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: “Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil.