Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Peadar 5:9

An Bíobla Naofa 1981

Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”

Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”

ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”

Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.

agus ná maireadh an racht thar luí na gréine le heagla go dtabharfadh sibh áiméar don diabhal.

Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh.

Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.

ar shlí nach suaithfí aon duine agaibh le trioblóidí na huaire. Tá a fhios agaibh féin gurb é seo an rud atá ceaptha dúinn.

Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe.

Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna.

Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.

Trí chreideamh chuir siad ríochtaí faoi smacht, shaothraigh siad an fhíréantacht, fuair siad a raibh geallta dóibh, dhún siad béil leon,

Mura gcuirtear oraibhse an smacht sin is dual a chur ar gach mac, ní clann mhac dlisteanach sibh ach bastaird.

Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh.

Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál,

Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg.

Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu.

Ach bíodh áthas oraibh sa mhéid go bhfuil sibh páirteach i bpáis Chríost, ionas go mbeadh áthas agus lúcháir oraibh freisin nuair a fhoilseofar a ghlóir.

Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.

Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.

Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n‑éidí i bhfuil an Uain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí