Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí.
Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.
Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;