Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.
Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’
Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.”