Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Peadar 4:16

An Bíobla Naofa 1981

Ach más mar Chríostaí a fhulaingíonn duine pionós, ná bíodh náire air ach tugadh sé glóir do Dhia faoin ainm seo.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna, agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.

Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla. Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas, bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.

Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.

agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh Críostaithe ar na deisceabail.

Dúirt Aigripe le Pól: “Is beag nach n‑áitíonn tú orm a bheith i mo Chríostaí.”

Ba mhaith linn, áfach, do thuairimí féin a chloisteáil mar níl d'eolas againn ar an aicme seo lena mbaineann tú ach go bhfuiltear ag cur ina coinne go forleathan.”

D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.

Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.

Mar tá sé faighte de phribhléid agaibhse as ucht Chríost ní amháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith.

Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.

Nach iadsan a dhiamhaslaíonn an t‑ainm uasal dár tíolacadh sibh?

Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.

Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.

Is méanar daoibh má thugtar aithis daoibh i ngeall ar ainm Chríost, mar go lonnaíonn Spiorad na glóire agus Spiorad Dé oraibh.

An mhuintir a fhulaingíonn dá bhrí sin de réir thoil Dé, déanaidís an ceart agus cuiridís cúram a n‑anama ar an gCruthaitheoir dílis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí