más tar éis bhreacadh an lae é, beidh éiric ann dó. Ach tá cúiteamh iomlán le déanamh, agus mura bhfuil aon mhaoin aige, ní foláir é a dhíol d'fhonn íoc as ar ghoid sé.
“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.
agus é bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana.
Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile.
San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.
Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.