Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Peadar 3:7

An Bíobla Naofa 1981

Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n‑urnaithe.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.”

“Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m'Athair atá ar neamh.

Tugadh an fear a cearta pósta dá bhean agus tugadh an bhean mar an gcéanna a chearta dá fear.

Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.

Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte.

Ar aon chuma grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear.

Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.

A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.

go dtuigfeadh gach duine agaibh conas a chorp a choimeád go naofa agus faoi urraim

chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n‑oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.

Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.

Mar an gcéanna libhse, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí