Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.
Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé d'athair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.
Lorgóidh gach bean ornáidí airgid agus óir agus éidí ar a comharsa agus ar an mbean a bheidh ag cur fúithi ina teach agus cuirfidh sibh iad ar bhur mic agus ar bhur n‑iníonacha; creachfaidh sibh na hÉigiptigh ar an gcuma sin.”
Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:
Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí, nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta? Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise laethanta gan áireamh.
Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d'aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.
“Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda;
Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.