Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Peadar 3:12

An Bíobla Naofa 1981

Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin, agus tugann sé cluas dá n‑impí. Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”

Beidh mo shúile ar oscailt agus mo chluasa ar tinneall don urnaí a dhéantar san áit seo anois agus feasta.

Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.

Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,

Is duit is dleacht ár moladh i Síón, a Dhia. Is duit a chomhlíonfar ár móid,

tabhair cuairt ar an bhfíniúin seo agus caomhnaigh í, óir phlandaigh do dheaslámh féin í.

Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh, ach tugann sé cluas d'urnaí an fhíréin.

Tá súile an Tiarna i ngach treo, agus faire acu ar olc agus maith.

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”

“Tóg é, caith leis go maith; ná déan dochar ar bith dó, ach déan dó mar is áil leis féin.”

Iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne, agus cé go n‑éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne,

Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d'aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.

Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m'ainm naofa ar an gcuma sin.

Má théann duine i muinín spioraid na marbh nó na ndraíodóirí, a dhéanamh striapachais ag géilleadh dóibh, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.

Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.

Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.” “Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”

Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.

Tugann an Tiarna do Dhia aire don tír seo; tá súile an Tiarna do Dhia air de shíor, ó cheann ceann na bliana.

Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí