An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.
Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.
Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -
Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha,
do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo?
I dtaca liomsa de, a bhráithre, más fíor go mbím fós ag fógairt timpeallghearrtha, cén fáth a bhfuilim fós do mo ghéarleanúint? Dá mbeinn ag déanamh amhlaidh bheadh scannal na croise ar neamhní.
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.
Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n‑aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.