Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.
Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu, iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne. Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal, an dream a bhí ag iomaíocht leat.
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla. Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas, bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.
Ach bhreathnaigh sé orthu agus dúirt: “Murab ea, cad is ciall leis an rud úd atá scríofa: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne di ceann an chúinne’?
D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”
“A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa,
Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta
agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.