más é gur bhlais sibh gur caoin é an Tiarna.
Cé hé an Rí seo na glóire? An Tiarna atá láidir, tréan; an Tiarna atá tréan i gcogadh.
Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.
Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú agus ardóidh mé mo lámha i d'ainmse.
Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois, ina dhaingean in am na hiaróige;
Crann úll thar chrainn na coille mo ghrása thar fir. Faoina scáth suím, mar ba mhian liom; milis le mo bhéal a ulla.
Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin! Nach álainn a bheidh siad! Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.
Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn.