“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”
Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”
An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála.
Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh
ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n‑ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil.
sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachtaithe agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart á dhéanamh agaibh. Slán agaibh.”
Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n‑íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n‑adhradh spioradálta.
ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i m'aigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill.
Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.
Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.
Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan.
Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.
Ach bíodh go labhraímid mar seo, a bhráithre ionúine, táimid cinnte de gur fearr ná sin an bhail atá oraibhse agus go bhfuil sibh ar bhealach bhur slánaithe.
Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.
A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh.