1 Peadar 1:7An Bíobla Naofa 1981d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost. Féach an chaibidil |
Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.