“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.
Féach! Táim chun bhur sliocht a dhísciú; caithfidh mé cac san aghaidh oraibh - cac bhur bhféilte sollúnta féin - agus tógfar sibhse chun siúil mar aon leis.
Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.