Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Peadar 1:13

An Bíobla Naofa 1981

Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.

“Cuir do chrios thar do choim,” ar sé ansin le Géichizí, “agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.”

Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!

Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí.

Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.

Is í an chóir bréid cheangail a choime, agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.

Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise, ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.

agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m'fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’

“Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh,

Sa chaoi chéanna a bheidh, an lá a bhfuil Mac an Duine le foilsiú.

Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’?

Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad.

Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé.

nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh.

Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan.

Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n‑ucht

Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.

agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.

Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.

Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.

Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó.

bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).

Is cosúil le hancaire daingean docht dár n‑anam an dóchas sin. Téann sé isteach sa sanctóir atá laistigh den chuirtín

Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú.

Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,

Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.

Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.

Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.

Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí