Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh:)
Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
Spiorad na Fírinne, nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibhse é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.
D'fhreagair Íosa: “Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é m'Athair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibhse mar gheall air: ‘Is é ár nDia é.’
Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.