Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Eoin 5:16

An Bíobla Naofa 1981

Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh.

Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.”

Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin, murach Maois, an té a roghnaigh sé a dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearg a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.

agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”

“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.

Dúirt an Tiarna liomsa: “Ná guighse ar son na ndaoine seo chun maitheasa.

“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat.

D'iarr mé fear orthu a thógfadh balla agus a sheasfadh sa bhearna ar son na tíre sa chruth nach millfinn é; ní bhfuair mé é.

Ghuigh Maois go hard chun an Tiarna: “A Dhia,” ar sé, “leigheas í le do thoil, impím ort!”

Ach an té a pheacaíonn d'aonghnó, más dúchasach, más coimhthíoch, tugann sé masla don Tiarna féin. Déantar an duine sin a ghearradh amach óna phobal;

Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a mbíonn diamhasla déanta aige in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann.

Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leatsa iad.

Is mór an dochar a rinne Alastar, an gabha copair, dom ach cúiteoidh an Tiarna a ghníomhartha leis.

Is peaca gach éagóir, ach tá peaca ann nach peaca chun báis.

Agus dúirt an pobal go léir le Samúéil: “Guigh an Tiarna do Dhia ar mhaithe le do shearbhóntaí, d'fhonn nach bhfaighimis bás, óir, mar bharr ar ár bpeacaí go léir, rinneamar an choir seo rí a iarraidh dúinn féin.”

Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?” Ach thugadar an chluas bhodhar dá n‑athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí