An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.
Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?
Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.
Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.
Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh.