Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d'aon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d'aon duine ach oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne.
Agus gach spiorad a shéanann Íosa, ní ó Dhia dó, ach is é spiorad an Ainchríost é ar chuala sibh go raibh sé le teacht; agus atá ar an saol cheana féin.
Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.