Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Eoin 3:4

An Bíobla Naofa 1981

Gach duine a dhéanann an peaca sáraíonn dlí freisin mar gur sárú dlí gach peaca.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

“Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort chucu agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfar chun siúil iad mar dhaoir go tír a namhad i gcéin nó i gcóngar;

Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi

Ansin ghabh spiorad Dé seilbh ar Zacairiá mac Iahóideá an sagart. D'éirigh sé ina sheasamh os comhair an phobail agus dúirt leo: “Seo mar a deir Dia: ‘Cad chuige a sáraíonn sibh aitheanta an Tiarna, agus gur miste sibh é? Tá sibh tar éis an Tiarna a thréigean; tá sibhse do bhur dtréigean aigesan anois.’ ”

Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é; cé atá buartha faoina chríoch? Sea! Teascadh é as tír na mbeo; as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.

tá briathar an Tiarna tarcaisnithe aige agus a aithne briste aige. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ar fad; leanann a pheaca sa mhullach air.”

Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i ríocht na bhflaitheas.

Ansin d'iompaigh Pól air: “Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta,” ar seisean. “An bhfuil tú i do shuí ansin ag tabhairt breithiúnais ormsa de réir an dlí agus tú féin ag sárú an dlí ag ordú mo bhualadhsa?”

Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.

Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach oiread.

Tá eagla orm nuair a thiocfaidh mé arís go n‑ísleoidh mo Dhia mé os bhur gcomhair agus go mbeidh mé ag mairgneach faoina liacht daoine a rinne peacaí mígheanmnaíochta agus drúise agus collaíochta agus nach ndearna aithrí iontu go fóill.

Déanfaidh urnaí an chreidimh an t‑othar a shlánú agus tógfaidh an Tiarna suas é agus má tá peacaí déanta aige maithfear dó iad.

Is peaca gach éagóir, ach tá peaca ann nach peaca chun báis.

Dúirt Sól le Samúéil: “Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d'orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí