Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Eoin 3:23

An Bíobla Naofa 1981

Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d'ordaigh seisean dúinn.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’

Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!”

Ach an uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm,

Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.

Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.

Is í seo m'aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh.

Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.

Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.

An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

D'fhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.”

“Creid sa Tiarna Íosa,” ar siadsan, “agus beidh tú féin agus do theaghlach slán.”

agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.

Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile.

Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu,

Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.

Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.

A chairde cléibh, ní aon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus sí an tseanaithne sin an focal a chuala sibh.

Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile.

Cibé admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia.

Agus tá an aithne seo againn uaidh: an té a thugann grá do Dhia tugadh sé grá dá bhráthair chomh maith.

Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí