An creideamh atá agat bíodh sé ina threoir duit féin i bhfianaise Dé. Is méanar don duine nach mbíonn ceist ná amhras air faoin rud a mbíonn a aigne socair air.
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.
Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é go mba lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó.
A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.
Seo mar atá an grá lánfhoirfe ionainn, go mbeimis lánmhuiníneach in aghaidh lá an bhreithiúnais, óir faoi mar atá seisean is amhlaidh atáimidne sa saol seo.