Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Eoin 3:15

An Bíobla Naofa 1981

An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Thug Éasau fuath do Iacób de bharr na beannachta lenar bheannaigh a athair é, agus dúirt Éasau leis féin: “Is gearr uainn an lá ina mbeidh m'athair á chaoineadh againn, agus ansin maróidh mé mo dheartháir Iacób.”

Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.

Bhí olc ag Héaróidias chuige agus b'áil léi é mharú ach ní fhéadfadh,

Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.

Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu.

Ansin chuaigh siad go dtí na hardsagairt agus na seanóirí agus dúirt leo: “Ghabhamar de gheasa orainn féin gan aon ní a bhlaiseadh nó go mbeidh Pól marbh againn.

“Ach má bhíonn duine i bhfíoch lena chomharsa agus go dtéann in eadarnaí faoina chionn agus go n‑ionsaíonn é agus go ngoineann go marfach agus go bhfaigheann seisean bás, agus ansin go dteithfeadh sé féin i gceann de na bailte sin,

agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige.

Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.

Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchacht agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchacht a shúile.

An té a deir go bhfuil sa solas agus gur fuath leis a bhráthair tá sé sin sa dorchacht i gcónaí.

Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí