Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”
Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna á léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil.
is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.
Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.
An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.
Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh.