B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.
Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa lá ná loinnir ghealaí le teacht na hoíche. Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraí agus do Dhia ina bharr maise ort.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte. Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil. Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen.
Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.
Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.