Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Croinicí 13:2

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Dáiví le comhthionól uile Iosrael: “Más mian libh é, agus más é toil an Tiarna ár nDia é, seolfaimid teachtairí go dtí ar ngaolta eile ar fud críocha Iosrael go léir, agus go dtí na sagairt agus na Léivítigh sna cathracha agus sna tailte féaraigh ina gcóngar chomh maith, á iarraidh orthu gabháil linn.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Dúirt siad leis: “Déan freastal ar an bpobal seo inniu, agus bí mar a bheadh seirbhíseach acu, labhair go lách leo, agus beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”

ach bhí Iórám tar éis filleadh go hIzréil le leigheas a fháil ar na créachtaí a thug na hArámaigh air nuair a bhí sé ag troid le Hazáéil rí Arám.) “Más mar sin a bhraitheann sibh,” arsa Iéahú, “ná héalaíodh aon duine ón gcathair leis an scéal a bhreith go hIzréil.”

Nuair a chonaic muintir Iosrael go léir a bhí sa ghleann gur theith [an t‑arm] agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus ghabhadar seilbh orthu.

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus le gach ceannasaí.

Ansin tabharfaimid áirc ár nDé linn mar rinneamar faillí inti le linn Shóil.”

Má dhéanann tú amhlaidh agus go n‑ordaíonn Dia amhlaidh duit, féadfaidh tú cur suas le d'ualach, agus rachaidh na daoine seo go léir abhaile faoi shíocháin.”

Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú, ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.

Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.”

Chuir na Filistínigh cath ar Iosrael agus theith sluaite Iosrael ó na Filistínigh agus imríodh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí