Nach bhfuil ceart ite agus óil againn?
Tar éis don ghrian dul faoi, bíodh sé glan agus ní miste dó na nithe naofa a ithe ós iad is beatha dó.
ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda.
Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.
Níor shantaigh mé ór ná airgead ná éadach le duine ar bith.
Seo é mo fhreagra orthu siúd a bhíonn ag beachtaíocht orm:
An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte.
agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibhse ná eile,
Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.