Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 9:10

An Bíobla Naofa 1981

An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, á thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ní cás daoibh iad a ithe in aon áit, sibh féin agus bhur muintir; sé seo bhur luach saothair ar son bhur seirbhíse i mBoth na Teagmhála.

Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.

Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.

Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse.

Is ar mhaithe libhse é seo ar fad i dtreo, nuair a leathfaidh grásta Dé i measc breis daoine, go mbeidh breis buíochais chun glóire Dé.

An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dósan atá an chéad chuid den bharr ag dul.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí