Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 8:4

An Bíobla Naofa 1981

Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha; is tú amháin is Dia ann.

“A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.

Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”

Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar, is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”

Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?

Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.

Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”

Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann; ach mise amháin, níl aon dia ann. Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam

Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.

Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh, óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.

D'fhreagair Íosa: “Seo í an chéad cheann: ‘Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna ann

“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.

ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n‑ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil.

Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo - agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad - mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.

An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.

Mar an duine a bhfuil an coinsias go lag aige, má fheiceann sé tusa, fear an eolais, i do shuí chun boird istigh i dteampall págánach, nach mbrostófar é chun an bia íobartha a chaitheamh chomh maith?

An duine lag is bráthair duit agus a bhfuair Críost bás ar a shon, déantar é a mhilleadh le do chuidse eolais.

Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre.

Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.

‘A Thiarna Dia,’ arsa mise, ‘níl ach tús déanta agat ag nochtadh do mhórgachta agus do chumhachta do do sheirbhíseach, óir cén dia ar neamh nó ar talamh ar féidir leis éachtaí agus fearta mar do chuidse a dhéanamh?

Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).

Thaispeáin sé an méid sin daoibh, d'fhonn go mbeadh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia dáiríre agus nach bhfuil Dia ann ach é.

tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.

“Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t‑aon Tiarna.

Moladh agus glóir do rí na n‑aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen.

Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t‑aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa

an t‑aon Dia is slánaitheoir againn trí Íosa Críost ár dTiarna, dósan go raibh glóir agus mórgacht agus ceannas, agus cumhacht roimh gach aois agus anois agus le saol na saol. Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí