Má phósann tú, áfach, ní aon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní aon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin.
Más dóigh le duine nach bhfuil sé ag déanamh mar is cuí le hiníon leis agus í go maith in aois a pósta agus gan aon réiteach eile aige air, déanadh sé mar is áil leis; pósaidís agus ní haon pheaca dó é.
Bíonn ceangal ar bhean fad a mhaireann a fear; ach má chailltear an fear, níl a bhac uirthi a rogha duine a phósadh - ach é a bheith ina phósadh sa Tiarna.
B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.