Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 7:6

An Bíobla Naofa 1981

Is mar chomhairle a deirim an méid sin, áfach, agus ní mar ordú.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Tá an foláireamh seo le tabhairt agam, áfach, dóibh seo atá pósta, agus ní uaim féin é ach ón Tiarna: ná tréigeadh bean a fear céile -

Deirim an méid seo leis an gcuid eile - is uaim féin é agus ní ón Tiarna - an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í.

Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.

Is sonasaí a bheidh sí, áfach, i mo thuairimse, má fhanann sí mar atá sí; agus is dóigh liom go bhfuil Spiorad Dé agamsa chomh maith.

Níl an méid a deirim á rá agam le húdarás an Tiarna ach le barr díth céille agus mé ag maíomh go teann.

Ní ag tabhairt orduithe daoibh atáim ach ag iarraidh dáiríre bhur ngrá a mheas de réir dhíograis daoine eile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí