Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh
mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.
An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.
Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin - Críost an Uile agus é san uile ní.
Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”