Agus cá bhfios duit a bhean, go sábhálfaidh tú d'fhear céile? Agus cá bhfios duitse, a dhuine, go sábhálfaidh tú do bhean?
Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan; ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].
Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”
le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú.
Bhí mé lag leis na laga d'fhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé i mo gach ní do gach duine d'fhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin.
Tabhair aire duit féin agus do do theagasc. Lean den obair, mar má dhéanann tú amhlaidh, sábháilfidh tú thú féin agus do lucht éisteachta.