Ach is é a deirimse libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.
“Gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh óna fear, déanann sé adhaltranas.
Deirim an méid seo leis an gcuid eile - is uaim féin é agus ní ón Tiarna - an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í.
Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh.
Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.