Ansin dúirt Dia leis san fhís: “Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m'aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi.
Bíodh do shúil agat ar an gcuid sin den ghort a bhíonn á bhaint acu agus bí ina ndiaidh aniar. Tá ordú tugtha agam do mo sheirbhísigh gan cur isteach ort. Má bhíonn tart ort, buail síos chun na soithí agus ól deoch as ar tharraing na giollaí.”