Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 6:6

An Bíobla Naofa 1981

ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ansin chuir sé a dheartháireacha chun siúil, agus is é focal deireanach a bhí aige dóibh ag imeacht: “Ná bíodh aon aighneas eadraibh ar an tslí.”

Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a d'fhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, á rá: ‘A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?’

Nuair a bhíonn cúis ag duine agaibh ar dhuine eile an mbíonn sé d'éadan air an scéal a chur faoi bhreith na neamhfhíréan in ionad na naomh?

Is locht oraibh a bheith ag dul chun dlí le chéile ar chor ar bith. Cén fáth nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Cén fáth nach bhfulaingíonn sibh leis an bhfeall?

Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? Cén bhaint atá ag an solas leis an dorchadas?

Cén cumann atá ag Críost le Beiliar? Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach?

an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí