Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.
Caithfidh sibh arán gan ghabháile a ithe ar feadh seacht lá. An chéad lá cuirigí an ghabháile go léir as bhur dtithe amach; mar cibé duine a íosfaidh arán ina bhfuil gabháile, ón gcéad lá go dtí an seachtú lá, teascfar amach ó Iosrael é.
Ar feadh seacht lá ní bheidh teacht ar ruainne gabháile in bhur dtithe, mar má itheann aon duine arán ina bhfuil gabháile, teascfar amach ó chomhthionól Iosrael an duine sin, bíodh sé ina dheoraí nó ina dhúchasach.
I gcaitheamh na seacht lá sin, itear arán gan ghabháile; ná bíodh aon arán gabháilte le feiceáil agat ná radharc ar aon ghabháile ar fud do chríoch go léir.
Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
Beidh bhur gceolsa, áfach, mar bheadh oíche chinn féile ann, agus aoibhneas ar chroí gach aon. Ar nós an té a bhuaileann bóthar le ceol na bhfeadóg ar a bhealach ionsar shliabh an Tiarna, ionsar charraig Iosrael,
Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.
de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n‑iompar féin de réir ghnás an tsaoil?
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.
“Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,
Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte.
“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.