Cad ab áil liomsa breith a thabhairt ar an muintir atá lasmuigh? Tabharfaidh Dia féin breith orthu siúd.
Dúirt sé leo: “Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní,
Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?”
D'fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”
Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh.
Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith.
Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.