Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 5:11

An Bíobla Naofa 1981

Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid.

Féach an chaibidil Cóip

47 Tagairtí Cros  

Óir maíonn an t‑éagráifeach as mianta a chroí: déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna.

Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.

Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.

ach mura n‑éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d'fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus d'ainmheasarthacht.

Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.

Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh

Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d'éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair:

D'imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé - an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo - chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.”

Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad.

Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,

Dá chionn sin, a chairde ionúine, seachnaígí an t‑íoladhradh.

mar is amhlaidh a thosaíonn gach duine ar a shéire féin a chaitheamh roimh an gcuid eile, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus duine eile ar meisce.

Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.”

ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe - ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.

ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?

An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh

Deirim an méid seo leis an gcuid eile - is uaim féin é agus ní ón Tiarna - an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í.

Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh.

An duine lag is bráthair duit agus a bhfuair Críost bás ar a shon, déantar é a mhilleadh le do chuidse eolais.

Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe do bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siadsan thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla mhuintir an timpeallghearrtha.

Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,

Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint - rud is ionann agus íoladhradh - níl aon pháirt aige i ríocht Chríost agus Dé.

Básaigí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh.

Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againn, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfadh náire air.

Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.

gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead.

agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n‑intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.

Má thagann aon duine chugaibh agus gan an teagasc sin aige, ná fáiltigí roimhe sa teach, agus ná beannaígí dó.

Tá beagán agam i d'aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n‑íosfaidís bia íobartha d'íola agus striapachas a dhéanamh.

Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.

Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”

Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí