Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 4:11

An Bíobla Naofa 1981

Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre, Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.

Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”

Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocoiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad á cheapadh go raibh sé marbh.

Tar éis dóibh iad a léasadh ó thalamh chaith siad isteach i bpríosún iad agus d'ordaigh don choimeádaí iad a choinneáil go daingean.

Leis sin d'ordaigh Anainias, an t‑ardsagart, dóibh sin a bhí ina seasamh in aice leis Pól a bhualadh sa bhéal.

Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin?

Nach bhfuil ceart ite agus óil againn?

cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh.

Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcruachás ach nílimid in éadóchas;

Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid.

Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m'angair, mar a d'éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí