de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n‑iompar féin de réir ghnás an tsaoil?
Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.
Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord.
Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.