Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 2:8

An Bíobla Naofa 1981

Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.

An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.

Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.

Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh] de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.

Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann?

Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa: “Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”

Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán [Íosa], ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcrích ráite úd na bhfáithe a bhíodh á léamh dóibh gach lá sabóide.

“A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n‑athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i gCáran

Cá bhfuil an t‑eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d'eagna an tsaoil?

Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as.

Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna á léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil.

Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.

a bhfuil scamall ar a n‑aigne, agus iad dealaithe amach ó bheatha Dé de dheasca a gcuid aineolais agus chruas a gcroí.

cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.

Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí