Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 2:6

An Bíobla Naofa 1981

Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as.

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.

Fágann sé sagairt ag siúl cosnochta Agus leagann ar lár na huaisle.

Maslaíonn sí flatha Agus coilleann ceandáine na dtréan.

Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.

Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath agus beartas na náisiún ar neamhní.

Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána;

Cuireann sé na huachtaráin ó chrích, agus breithiúna na talún ar neamhní.

An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.

“Más áil leat bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.”

Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe.

Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.

Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní,

Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.

A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.

I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna.

Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú cúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu.

Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.

I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost.

Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.

Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.

Má tá ár ndea-scéal folaithe ar dhuine ar bith, is orthu siúd atá ar bhealach a millte atá sé folaithe,

is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.

nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.

Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.

Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.

Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n‑aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.

Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha ar chreideamh i nDia,

Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, agus diabhlaí.

Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.

Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí