Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.”
Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
Agus is ag dul i méad atá a chion oraibh nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh go léir dó, agus ar chomh hurramach uamhnach agus a d'fháiltigh sibh roimhe.
Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh.