Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d'aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir.
An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. D'imigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus a ba fhéidir.
Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,
Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann - cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.
nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibhse mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús.
Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugamsa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.
is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibhse mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia.